← Bhí sé in ann filíocht a dhéanamh ó rugadh é, agus bhí a mhuintir roimhe go maith freisin. 🔊
← Bhí sé pósta, agus is Siubhán a bhí ar a bhean. 🔊
← Bhí sé in a chónaí tamall maith taobh thiar de Leitir Caladh, agus bhí teach an-bheag aige agus bhíodh chuile dhuine ag caint air, agus thug sé "Cúirt an t-Srutháin Bhuí" mar ainm air, mar bhí sé suite in aice leis an Sruthán Buí. 🔊
← Tháinig sé go Baile na Cille ansin, agus rinne sé teach ann. 🔊
← Ag siúinéireacht ba mhó a bhíodh sé, agus ní raibh mórán talamh aige. 🔊
← Bhí sé an-bhocht, agus rinne sé amhrán breá mar gheall ar é a bheith bocht. 🔊
← Tugtar "An Gréasaí" mar ainm air, mar sin é an t-ainm a thug sé féin ar an mbochtanas. 🔊
← Nuair a rinne sé an t-amhrán, dúirt sé ach a tiocfadh ráithe an Fhómhair nuair a bhéadh chuile shórt saor agus go leór airgid aige, go ndíbreódh sé an bochtanas agus go gceannódh sé ullaí, builíní, agus líon. 🔊
← Rinne sé go leór amhráin dheasa agus seo cuid acu: 🔊
← Ní dheárna sé aon amhrán ariamh ag cáineadh muintir na tíre seo, agus bhí sé á moladh i gcónaí. 🔊
← Tugadh go Baile Átha Cliath é mar gheall ar chomh maith is a bhí sé ina fhile, agus bhí sé tuairim's céad agus a deich bliain d'aois nuair a cailleadh é. 🔊
← Bhí sé an-bhocht i ndeireadh a shaoil. 🔊
← Bhí sé thiar i gCill Ciaráin lá, agus bhí sé ag gearradh adhmaid in áit darb ainm "Áill na mBrón", agus ní bhfuair sé béile ann agus dúirt sé na focail seo: 🔊
← Chuala sé an t-eólas seo óna mháthair Nóra Nic Dhonnchadha, tuairim's 30 bliain ó shin. 🔊